Imirce go hAlbain - Aonach Ghlaschú, nuair a thagadh léir den mhuintir a bhí thall in Albain idir mná, fir agus páistí na bhaile. Nuair a bhí sé féin 18 bliana d’aois d’imigh sé anonn ar bhád Dhoire. Chuaigh sé ag obair in Perthshire ag glanadh amach tolláin. Bhí léir Éireannaigh agus daoine as an bhaile ag obair ansin fosta. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh. Bhí pá de £14 - £17 sa tseachtain aige ach bhí na uaireanta fada. Bhí siad ag stopadh i gcampaí. Bhíodh veain ag gabháil thart agus siocair an bia a bheith go holc agus a bhí, cheannaíodh siad bia dóibh féin agus bhíodh siad ag cócaireacht ar thine leictreach. Bhí 3 ticéad bí sa lá acu le úsáid sa cheaintín ach bhí an bia olc. | 00:09:05 | |